Ag amanna d’fhan cuid de mhuintir Thoraí i dteach ar chúl Bhrianaí, teach a uncail nuair a bhíodh siad amuigh ag iascaireacht, bhíodh criúnna na mbád ag fanacht sa teach corr uair. Bhíodh daoine ag gabháil ag airneáin acu agus bhí fear Pádraig Antoin a raibh craic mhaith ann. Scéal faoi fhear, John Rua a bhí istigh ag airneán oíche amháin agus nuair a dúirt fear eile a bhí ansin rud inteacht leis nár shásaigh John, thug sé iarraidh air ach shleamhnaigh John ar na leaca ar an urlár agus thit sé isteach sa luaith.
Bhíodh oícheanta bhreá airneáin acu. | 00:05:09 | |